Ceolchoirm Drawing from the Well 2026
- When
- Europe/Dublin (GMT)
- Where
- Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil SailearnaAille Indreabhán, Galway
Tickets are sold on Eventbrite. We link straight to the listing — nothing is bought here. Listing details come from the source and can change. Eventovia indexes events; it does not organize them or sell tickets. Terms & Disclaimer
Ceolchoirm Drawing from the Well 2026 takes place on Fri 20 Nov 2026 at 20:00 (GMT) at Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna in Galway, Ireland. Tickets are €13.85 + on Eventbrite.
About this event
Drawing from the Well 2026 choir concert occurs at Amharclann Cois Fharraige in partnership with RTÉ100.
Full description from organizerShow less
Beidh camchuairt bhliantúil Drawing from the Well 2026 ag ITMA i gcomhpháirtíocht le RTÉ100 ag teacht go hAmharclann Cois Fharraige. Beidh na ceoltóirí iomráiteacha Seán McKeon (píb uilleann), Jesse Smith (fidil) agus Libby McCrohan (bouzouki), in éineacht le haíonna áitiúla, ag cur ceoil i láthair a spreag ábhar ó bhailiúcháin Chartlann RTÉ agus ITMA. Mar chuid den gclár beidh plé ar thábhacht an cheoltóra aonair i gceol traidisiúnta na hÉireann. Beidh an craoltóir Aoife Nic Cormaic (RTÉ) agus Seán Potts (ITMA), i mbun cathaoireachta ar an bplé. D’oibrigh Nic Cormaic agus Potts le chéile ar fhoilseachán ceannródaíoch ITMA faoi shaol agus faoi shaothar Thommie Potts, duine de na ceoltóirí ba shainiúla i stair an traidisiúin. Déanfaidh RTÉ Raidió 1 taifead ar na ceolchoirmeacha le haghaidh craolta amach anseo. Seán McKeon (píb uilleann) Tá Seán McKeon ar dhuine de na píobairí uilleann is mó cáil in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tá cáil air as a stíl cheoil iontach agus as fuinneamh a chuid léirithe beo. Bronnadh gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 air in 2005. D’eisigh sé féin agus Liam O’Connor an taifeadadh Dublin Made Me in 2009, agus lean albam aonair, To the City, in 2013. Le linn a ghairme tá Seán tar éis comhoibriú le ceoltóirí ó réimsí éagsúla, ina measc ceolfhoirne, ceoltóirí snagcheoil, ceoltóirí ceoil dhomhanda agus ealaíontóirí an fhocail labhartha. Tá sé ina bhall de bhanna Damien Dempsey agus tá sé tar éis seinm agus taifeadadh le Elvis Costello, Hozier, Christy Moore agus Amble le bliain anuas. In 2025 d’eisigh sé Salamanca, albam aonair a dhéanann ceiliúradh ar an léiriú pearsanta atá i gcroílár ealaín na píobaireachta. Tugadh ardmholadh don gcéirnín. Saothar “a spreagfaidh ceoltóirí ar feadh na mblianta atá le teacht,” agus dúirt The Journal of Music faoi. Jesse Smith (fidil) Rugadh Jesse Smith i gclann cheolmhar agus tógadh i measc phobal cheol traidisiúnta na nÉireannach i Meiriceá é. Tá a mháthair, Donna Long, aitheanta mar thaibheoir agus mar thaifeadadóir le Brendan Mulvihill agus leis an ngrúpa Cherish the Ladies; canann a athair, John, agus seinneann sé an giotár. Do bhog Jesse go hÉirinn in 1998 agus chaith sé seal ag seinm leis an ngrúpa Danú. Ó shin i leith tá taifead déanta aige le roinnt de na ceoltóirí is mó le rá sa traidisiún, Harry Bradley, Seán Gavin, Sharon Shannon, Colm Gannon, Alan Kelly, Enda Scahill agus Donna Long ina measc. Roghnaíodh a chéad taifeadadh aonair, Jigs and Reels (2002), ar cheann de na deich n-albam ba shuntasaí den bhliain ag The Irish Echo. Bíonn sé ag teagasc go rialta ag scoileanna samhraidh ceoil ar fud na tíre, ina measc Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus tá sé le feiceáil ar chláir teilifíse agus le clos ar an raidió go rialta. Bronnadh céim MA air ó Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan as a thráchtas ar Michael Coleman as Sligeach. Mar chuid de Drawing from the Well, do dhein Jesse iniúchadh ar bhailiúcháin P. W. Joyce, Francis O’Neill agus Martin Mulvihill chun rogha de phoirt neamhchoitianta a thabhairt ar ais chun beatha ar an bhfidil. Libby McCrohan (bouzouki) Is ceoltóir traidisiúnta as Baile Átha Cliath í Libby McCrohan a sheinneann bouzouki Gréagach. Tá cáil uirthi as a tionlacan íogair, caolchúiseach agus láidir ó thaobh na rithime de, agus is léir tionchar stíl sheinnte na bpíobairí uilleann ar a cuid ceoil. Casann sí go rialto, ar fud na tire agus thar lear, agus tá sí le clos ar roinnt taifead suntasach, Heard a Long Gone Song le Lisa O’Neill (2018), Not Before Time… 39 Years in the Making le Páraic Mac Donnchadha (2018), The Devil’s Dream le hIarfhlaith Ó Domhnaill agus Natalie Ní Chasaide (2024), agus The Fog is Lifting le Bríd Harper agus Sylvain Barou ina measc. Seán Potts Rugadh Seán Potts i gclann a raibh an ceol traidisiúnta go smior inti. Bhí a athair, Seán Potts, ar dhuine de bhunaitheoirí The Chieftains, agus ba é a shin-seanathair, John Potts, athair Thommie Potts, an píobaire iomráiteach as deisceart Loch Garman a lonnaigh i mBaile Átha Cliath sna 1890idí. Tá camchuairteanna déanta aige ar fud an domhain agus tá sé tar éis seinm agus taifeadadh le roinnt de mhórphearsana an cheoil thraidisiúnta, ina measc Tommy Peoples, Paddy Glackin, Kevin Glackin, Ciarán Tourish, Arty McGlynn, Steve Cooney, Paul Brady, Seán Keane, Daoirí Farrell, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Peadar Ó Riada & Ceoltóirí Chualann. D’eisigh sé a albam aonair Traditional Music on the Uilleann Pipes in 2002. Do ghabh sé leis an bhfoireann sa Taisce i mí na Nollag 2021. Bhí sé i gceannas ar an tionscadal a choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon chun an scannán A Portrait of an Artist: Seán Keane a léiriú. Taispeánadh é ag Scoil Samhraidh Willie Clancy in 2022 agus eisíodh go poiblí é tar éis bhás tobann Sheáin Keane in 2023. Is é Seán údar Tommie Potts: The Sorrowful and the Great, a d’fhoilsigh ITMA i mí Dheireadh Fómhair 2025. Aoife Nic Cormaic Is fidléir agus craoltóir as Baile Átha Cliath í Aoife Nic Cormaic. Is í léiritheoir Céilí House ar RTÉ Raidió 1 í agus cuireann sí i láthair chomh maith leis an gclár seachtainiúil The Rolling Wave. Tá duaiseanna iomadúla buaite aici dá cuid oibre i gcúrsaí raidió agus teilifíse, ina measc Gradam IFTA, Gradam Chumarsáide an Oireachtais agus Gradam Fhéile Mheán Cheilteach in 2022. Tá céim MA aici i Léiriú an Cheoil Thraidisiúnta ó DIT. In 2013 d’eisigh sí a céad albam aonair, Cuas na bhFáinleog / The Hollow of the Swallows, ina bhfuil rogha de na poirt nua a chum sí féin.
Keep going
All Galway events →Similar events
View all →











Details
- When
- Fri 20 Nov 2026 · 20:00 (GMT)
- Where
- Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna
- Address
- Aille Indreabhán, Galway
- Price
- €13.85 +
- Genre
- 105/conference
Questions
- When is Ceolchoirm Drawing from the Well 2026?
- Fri 20 Nov 2026 at 20:00 GMT.
- How much are tickets for Ceolchoirm Drawing from the Well 2026?
- Tickets are €13.85 +.
- Where is Ceolchoirm Drawing from the Well 2026?
- Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna, Aille Indreabhán, Galway, Galway, Ireland.
- Where can I buy tickets for Ceolchoirm Drawing from the Well 2026?
- Tickets are sold on Eventbrite. This page links straight to that listing; no tickets are sold here.
